Tuairisc
Bhronn Parlaimint na hEorpa Duais Sakharov um Shaoirse Smaointeoireachta ar Jina Mahsa Amini agus ar an ngluaiseacht Bean, Beatha, Saoirse san Iaráin ag searmanas speisialta in Strasbourg. Bhásaigh Jina Mahsa Amini, bean Iaránach-Choirdíneach, in 2022, agus ba iad póilíní moráltachta na hIaráine, mar a thugtar orthu, a mharaigh í. Mhaígh siad gur bhris sí dianrialacha hidseab. Spreag a bás léirsithe san Iaráin agus ar fud an domhain. Tá na feisirí ag tacú i gcónaí le mná na hIaráine ina dtroid ar son saoirse agus comhionannais.