Mo Scéal Féin

Scéalta pearsanta ó gach cearn den Eoraip
Leis na céadta scéal, doiciméad, grianghraf agus físeán atá á bhfoilsiú ag daoine as gach cearn den Eoraip agus ó áiteanna níos faide i gcéin, is tionscadal comhoibritheach ar leith é My House of European History (MyHEH) ina ndéantar stair na hEorpa agus an saol atá á chaitheamh ag saoránaigh na hEorpa a thabhairt le chéile. Feidhmíonn Ardán MyHEH mar fhóram do na saoránaigh chun go bhféadfaidh siad a mhíniú cé chomh tábhachtach atá an Eoraip dóibhsean agus cén dearcadh atá acu faoin ról atá acu féin i stair na hEorpa. Bailíonn MyHEH scéalta ó shaoránaigh in 24 theanga agus foilsítear na scéalta sin mar théacs, mar rian fuaime nó mar fhíseán, rud a fhágann go bhfuil leabharlann fíorúil ann de chuntais ó dhaoine ó gach cearn den Eoraip agus den domhan. Téigh chuig ardán My House of European History agus brabhsáil trí na scéalta is déanaí. Is féidir éisteacht le tuilleadh podchraoltaí ar Europarl Radio, raidió gréasáin Pharlaimint na hEorpa.

Seinn an eipeasód is déanaí