Description
Dúirt Feisirí Eorpacha gur príomhthosaíocht é deireadh a chur le hionsaithe bogearraí éirice agus rialacha nua diana cibearshlándála á síniú acu. Tá saoránaigh, gnólachtaí agus rialtais an Aontais Eorpaigh faoi bhagairt mhéadaitheach ó haiceálaithe agus ó chibearchoirpigh. D’fhormheas Parlaimint na hEorpa córas comhchuibhithe faoi threoir NIS2 an Aontais Eorpaigh, chun ár bpríobháideacht agus ár n-airgeadas a chosaint agus chun timpeallacht ar líne níos sábháilte a áirithiú.