Skip to content

Déanann an Pharlaimint grinnfhiosrú ar Valdis Dombrovskis don phost mar Choimisinéir Trádála

Dáta an imeachta: 05/10/2020

Roghanna chun an físeán a fháil

Tar éis don Choimisinéir Trádála Phil Hogan éirí as, tá Uachtarán an Choimisiúin Ursula von der Leyen tar éis a foireann a athdháileadh. Reáchtáil Feisirí dhá éisteacht urghnácha don phost Trádála agus don phost Airgeadais. Cheistigh grúpa coistí faoi stiúir an Choiste um Thrádáil Idirnáisiúnta Valdis Dombrovskis, atá ina Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin ar an gCoimisiún faoi láthair, don phunann trádála. Beidh an cinneadh deiridh ag an bParlaimint maidir lena cheapachán.