Skip to content

Highlighted packages

Fúinn

Is foinse eolais luachmhair é an tIonad Ilmheán chun na scéalta nuachta is déanaí ó Pharlaimint na hEorpa a chlúdach.  Más mian leat gníomhaíochtaí Pharlaimint na hEorpa a chlúdach, nó fiú má theastaíonn uait bheith ar an eolas, is féidir linn cabhrú leat trí achoimrí nuachta Europe by Satellite, beofhíseáin/beofhuaim, físeáin curtha in eagar, grianghraif, nó ábhar ón gcartlann a chur ar fáil.  Anuas air sin, cuirtear físeáin beochana agus grafaicí faisnéise ar fáil chun ábhair thosaíochta agus nósanna imeachta na Parlaiminte a mhíniú. 

Seirbhísí

Tugann Parlaimint na hEorpa tacaíocht do ghairmithe meán a bhíonn ag tuairisciú faoi ghníomhaíochtaí na Parlaiminte, tríd an ábhar agus na saoráidí teicniúla don fhísléiriú, léiriú raidió, léiriú ilmheán agus léiriú grianghraf a chur ar fáil. Is éard atá i gceist lenár gclársceidealú ná meascán d’imeachtaí beo, achoimrí nuachta ar ghníomhaíochtaí PE, gnáthseatanna léiriúcháin agus tuairisciú ar imeachtaí tábhachtacha, lena n-áirítear cuairteanna oifigiúla.

Creidiúnú meán

Ní mór d’iriseoirí, do ghrianghrafadóirí agus d’fhoirne Closamhairc iarratas a dhéanamh ar chreidiúnú na meán agus/nó ar chead speisialta taifeadta chun oibriú i bParlaimint na hEorpa. Is féidir le na hiriseóirí uile a bhfuil rochtain acu ar fhoirgnimh na Parlaiminte úsáid a bhaint as na saoráidí atá curtha ar fáil d’iriseoirí.

Déan teagmháil linn

Ar na leathanaigh seo a leanas gheobhaidh tú na sonraí teagmhála don fhoireann i ranna éagsúla na seirbhíse preasa, lena n-áirítear seirbhís na n-urlabhraithe, oifigigh preasa de réir réimse beartais agus de réir teanga/tíre agus tacaíocht theicniúil agus seirbhísí teicniúla.