Seachadadh trasteorann beartán an Aontais Eorpaigh
Dáta an imeachta: 13/03/2018
Is féidir le praghsanna ar sheachadadh trasteorann beartán a bheith neamhréireach, treallach agus mearbhlach. Teastaíonn ó Pharlaimint na hEorpa go mbeidh a fhios ag gach saoránach cad atá siad ag íoc as. Sin an fáth a bhfuil reachtaíocht á rith acu le haghaidh níos mó trédhearcachta maidir le hoibreoirí seachadta agus na praghsanna a ghearrann siad.