Description
An 3 Bealtaine, Lá Domhanda Shaoirse an Phreasa, sheol Parlaimint na hEorpa an dara heagrán de Dhuais Daphne Caruana Galizia don Iriseoireacht. Bunaíodh an duais in 2019, agus is é is aidhm di aitheantas a thabhairt do shárobair iriseoireachta ar ábhair a bhaineann leis an Aontas Eorpach ina iomláine nó le cuid dá Bhallstáit. Cuidíonn an duais le cur chun cinn phrionsabail agus luachanna an Aontais, mar atá leagtha amach i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.