1 00:00:05,239 --> 00:00:07,439 Tar éis breis agus bliain faoi dhianghasáil 2 00:00:07,439 --> 00:00:08,759 agus srianta taistil, 3 00:00:08,759 --> 00:00:09,759 tá na milliúin Eorpach 4 00:00:09,759 --> 00:00:12,280 ag tnúth le saoire as baile agus í tuillte go maith acu. 5 00:00:12,280 --> 00:00:13,360 Agus cuir i gcás go mbeadh do chéad sos eile 6 00:00:13,360 --> 00:00:14,920 níos inbhuanaithe? 7 00:00:14,920 --> 00:00:15,639 Saoire a mbeadh 8 00:00:15,639 --> 00:00:18,200 tionchar níos lú aici ar an timpeallacht? 9 00:00:18,200 --> 00:00:20,000 Agus muid ag teacht amach as an bpaindéim, 10 00:00:20,000 --> 00:00:21,720 tá Parlaimint na hEorpa ag éileamh 11 00:00:21,720 --> 00:00:24,119 treochlár i dtreo turasóireachta a bheadh inbhuanaithe, 12 00:00:24,119 --> 00:00:26,159 freagrach agus cliste. 13 00:00:26,159 --> 00:00:27,680 Ba mhaith le Feisirí bearta nua 14 00:00:27,680 --> 00:00:29,079 chun lorg aeráide agus timpeallachta 15 00:00:29,079 --> 00:00:30,920 na hearnála a laghdú. 16 00:00:31,800 --> 00:00:35,079 "Ní óstáin, bialanna amháin 17 00:00:35,079 --> 00:00:36,920 atá i gceist againn, 18 00:00:36,920 --> 00:00:39,079 caithfimid an slabhra iomlán a thuiscint. 19 00:00:39,079 --> 00:00:42,800 Cén áit ar féidir linn an tionchar atá againn 20 00:00:42,800 --> 00:00:46,479 ar an Domhan a mhoilliú, 21 00:00:46,479 --> 00:00:47,879 ar na spriocanna inbhuanaitheachta?" 22 00:00:48,319 --> 00:00:49,519 Bealach glas taistil amháin ná tosaíocht a thabhairt 23 00:00:49,519 --> 00:00:51,959 do thurasóireacht tuaithe nó agraithurasóireacht 24 00:00:51,959 --> 00:00:54,839 agus plódú a sheachaint i réigiúin a bhfuil an-tóir orthu. 25 00:00:54,839 --> 00:00:56,519 Molann an Pharlaimint go ndéanfaí 26 00:00:56,519 --> 00:00:58,079 an tEicilipéad turasóireachta a leathnú: 27 00:00:58,079 --> 00:00:59,360 scéim a dheimhníonn 28 00:00:59,360 --> 00:01:01,280 lóistín agus tionscnóirí turas atá 29 00:01:01,280 --> 00:01:02,720 neamhdhíobhálach don timpeallacht, 30 00:01:02,720 --> 00:01:04,319 ag ligean do thurasóirí codladh 31 00:01:04,319 --> 00:01:06,479 le coinsias glan! 32 00:01:06,479 --> 00:01:07,759 Is é iompar an truaillitheoir is measa amuigh 33 00:01:07,759 --> 00:01:09,800 sa turasóireacht. 34 00:01:09,800 --> 00:01:11,360 Teastaíonn ón bParlaimint go mbeadh 35 00:01:11,360 --> 00:01:12,879 taisteal iarnróid ar thús cadhnaíochta 36 00:01:12,879 --> 00:01:14,439 chun turasóireacht an AE a dhéanamh níos glaise. 37 00:01:14,439 --> 00:01:16,200 Tá tuilleadh tacaíochta ón AE 38 00:01:16,200 --> 00:01:17,439 á lorg freisin ag Feisirí 39 00:01:17,439 --> 00:01:19,280 don aistriú go breoslaí níos glaine 40 00:01:19,280 --> 00:01:22,039 agus cineálacha malartacha iompair. 41 00:01:22,039 --> 00:01:24,360 Chun téarnamh glas iarphaindéime a threisiú, 42 00:01:24,360 --> 00:01:26,280 tá an Pharlaimint ag iarraidh ar thíortha AE 43 00:01:26,280 --> 00:01:28,519 tacú leis an turasóireacht trí phleananna téarnaimh 44 00:01:28,519 --> 00:01:30,439 agus laghdú sealadach ar CBL 45 00:01:30,439 --> 00:01:31,959 don earnáil. 46 00:01:31,959 --> 00:01:33,280 Ba chóir go mbeadh an athoscailt mar chuid 47 00:01:33,280 --> 00:01:35,360 de straitéis AE maidir le Covid-19, 48 00:01:35,360 --> 00:01:38,600 le céimeanna amhail comhdheimhniú vacsaínithe.