1 00:00:02,759 --> 00:00:04,280 Tá Fátima agus a teaghlach 2 00:00:04,280 --> 00:00:06,400 díreach tar éis bogadh ó Mhaidrid 3 00:00:06,400 --> 00:00:07,639 chuig an sráidbhaile tuaithe seo 4 00:00:07,639 --> 00:00:10,519 sa réigiún Ávila den Spáinn. 5 00:00:10,519 --> 00:00:11,759 Go dtí le déanaí, 6 00:00:11,759 --> 00:00:13,959 bhí sí ina cónaí in árasán beag a máthar 7 00:00:13,959 --> 00:00:16,479 lena páirtí agus a seachtar leanaí. 8 00:00:16,479 --> 00:00:18,400 “Bhí an-chuid fadhbanna againn. 9 00:00:18,400 --> 00:00:20,519 Ba é an ceann ba mhó ná bia a chur ar an mbord, 10 00:00:20,519 --> 00:00:26,200 níor smaoinigh mé riamh ar bhogadh chuig áit eile." 11 00:00:26,759 --> 00:00:29,439 A bhuí le carthanas a chabhraíonn le teaghlaigh atá ag streachailt, 12 00:00:29,439 --> 00:00:32,119 fuair a páirtí obair i dtionscal na tógála 13 00:00:32,119 --> 00:00:34,839 agus chuir siad tús le saol nua faoin tuath. 14 00:00:36,639 --> 00:00:39,200 "Is í an fhírinne go mbraitheann tú saor anseo. 15 00:00:39,200 --> 00:00:41,400 Anois agus post ag mo pháirtí, 16 00:00:41,400 --> 00:00:43,759 tig linn smaoineamh ar cad a dhéanfaimid an mhí seo chugainn, tá a fhios agat? 17 00:00:43,759 --> 00:00:46,360 Tá ioncam seasta againn. Tugann an méara an-chabhair dúinn. 18 00:00:46,360 --> 00:00:48,800 Tá garraí glasraí againn, tugann seisean bia do na coiníní, 19 00:00:48,800 --> 00:00:51,039 cabhraíonn sé ar gach slí is féidir leis." 20 00:00:51,039 --> 00:00:53,079 Dála an chuid eile den AE, 21 00:00:53,079 --> 00:00:56,200 tá athruithe móra déimeagrafacha roimh an Spáinn. 22 00:00:56,200 --> 00:00:58,239 Tá cathracha ag éirí níos plódaithe, 23 00:00:58,239 --> 00:00:59,839 a chuireann brú ar an mbonneagar 24 00:00:59,839 --> 00:01:01,680 amhail scoileanna agus ospidéil, 25 00:01:01,680 --> 00:01:04,959 agus ceantair thuaithe á mbánú. 26 00:01:04,959 --> 00:01:06,439 Cruthaíonn sé seo dúshláin, 27 00:01:06,439 --> 00:01:08,439 ach cruthaíonn sé deiseanna freisin 28 00:01:08,439 --> 00:01:10,039 mar a léiríonn scéal Fátima. 29 00:01:12,039 --> 00:01:15,239 Tá straitéis ar fud an AE á héileamh ag Feisirí. 30 00:01:16,560 --> 00:01:17,439 "De ghnáth, 31 00:01:17,439 --> 00:01:20,079 bogann daoine toisc go dteastaíonn saol níos fearr uathu. 32 00:01:20,079 --> 00:01:22,360 Sa chomhthéacs seo tá sé tábhachtach dúinn, 33 00:01:22,360 --> 00:01:23,680 mar lucht ceaptha beartas, 34 00:01:23,680 --> 00:01:26,159 sásraí a aithint a spreagann daoine 35 00:01:26,159 --> 00:01:28,800 chun fanacht sna ceantair inar rugadh iad, 36 00:01:28,800 --> 00:01:31,200 ar shlí eile beidh bearnaí móra 37 00:01:31,200 --> 00:01:35,000 déimeagrafacha ar fud an AE." 38 00:01:35,720 --> 00:01:36,560 Creideann Feisirí 39 00:01:36,560 --> 00:01:39,079 go dtig le réitigh shimplí, sholúbtha 40 00:01:39,079 --> 00:01:40,400 daoine a spreagadh 41 00:01:40,400 --> 00:01:44,280 chun bogadh chuig réigiúin atá á mbánú nó fanacht iontu. 42 00:01:44,280 --> 00:01:45,519 B'fhéidir nach mbeadh i gceist ach 43 00:01:45,519 --> 00:01:47,920 rochtain ardluais ar an idirlíon a fheabhsú, 44 00:01:47,920 --> 00:01:49,519 iompar poiblí níos fearr 45 00:01:49,519 --> 00:01:51,720 nó rochtain níos éasca ar chúram sláinte.